- Taispeántas: Dearbhú Schuman
- Fadhbanna Franc-Ghearmánacha
Rinneadh dearbhú Schuman tráth a bhí an caidreamh Franc-Ghearmánach i gcruachás. Go háirithe, bhí easaontú idir Páras agus Bonn faoi stádas Saarland, réigiún a bhí féinrialaitheach ó thaobh na polaitíochta de ach nasctha leis an bhFrainc ó thaobh an gheilleagair de. Leis an tionscadal Francach, rinneadh Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (PCG) a dhaingniú i struchtúr Eorpach mar bhealach chun a forbairt a mhaoirsiú agus chun an tsíocháin san Eoraip a ráthú.
Agus an Ghearmáin á cur ar chomhchéim, d’fhéach Plean Schuman le feabhas a chur ar an gcaidreamh idir an dá thír trí dhíriú ar a gcomhleasanna agus leis an dá ‘namhaid ó oidhreacht’ mar a tugadh orthu a thabhairt le chéile. Ó thaobh na tíreolaíochta de, rinneadh CEGC a bhunú ar chineál ‘Lotharingia tionsclaíoch’.