Taispeántas
- Taispeántas: Dearbhú Schuman
- Nuálaíocht Institiúideach
Dar le Schuman agus Monnet, ba le hinstitiúidí éifeachtúla amháin a d’fhéadfaí an cómhargadh guail agus cruach a chruthú. Áiríodh leis sin infheistíochtaí a chomhordú, an táirgeadh a eagrú agus faireachán a dhéanamh ar phraghsanna trína áirithiú gur comhlíonadh na rialacha maidir le hiomaíocht agus cosaint shóisialta.
Níor mhór comhbhainistiú guail agus cruach a bheith mar chuid d’institiúid a bheadh neamhspleách ó thaobh airgeadais de, is é sin an tArd-Údarás, agus a bheadh in ann feidhmiú mar chomhlacht coláisteach comhdhéanta de dhaoine neamhspleácha d’fhonn tús a chur le rialtas Eorpach. Trí ghníomhú ar mhaithe le leas an phobail, is freagairt nuálach a bhí san Ard-Údarás ar an bhféinspéiseachas náisiúnta.