- Taispeántas: Dearbhú Schuman
- Schuman, ‘Fear na dTeorainneacha’
Rugadh Schuman in 1886 i Lucsamburg, tír dhúchais a mháthar, agus tugtar ‘fear na dteorainneacha’ air. Rugadh a athair, a raibh náisiúntacht Ghearmánach aige, i sráidbhaile in Lorraine, réigiún a gabhadh isteach in Impireacht na Gearmáine in 1871 tar éis an chogaidh Fhranc-Phrúisigh. Ba i Lucsamburg a chaith Schuman blianta uile a óige, ach ina dhiaidh sin chuaigh sé i mbun a chuid staidéar in ollscoileanna in Bonn, München, Beirlín agus Strasbourg. Chuaigh sé leis an dlíodóireacht ansin in Metz, áit a bhfuair sé náisiúntacht Fhrancach tar éis an Chéad Chogaidh Dhomhanda.
A bhuí lena stair phearsanta féin, chuaigh na deighiltí idir tíortha na hEorpa go mór i gcion ar Schuman. Thug Schuman cosaint láidir don tionscadal Eorpach, tionscadal a raibh treisiú na síochána agus an chomhair ina dhúshraith aige. Bhí sé i bhfabhar freisin Comhairle na hEorpa a bhunú in 1949 in Strasbourg, baile siombalach den athmhuintearas Franc-Ghearmánach.