Taispeántas
- Taispeántas: Dearbhú Schuman
- Síniú Chonradh CEGC
An 18 Aibreán 1951, rinne Robert Schuman thar ceann na Fraince, Konrad Adenauer thar ceann Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, Paul van Zeeland agus Joseph Meurice thar ceann na Beilge, an Cunta Carlo Sforza thar ceann na hIodáile, Joseph Bech thar ceann Lucsamburg, agus Dirk Stikker agus Jan Van den Brink thar ceann na hÍsiltíre Conradh CEGC a shíniú agus a shéalú i bPáras.
Tá sleachta ginearálta as Dearbhú an 9 Bealtaine sa réamhrá. Bhí an conradh stuama agus gonta sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse 50 bliain. A bhuí leis an éacht taidhleoireachta sin, tugadh ‘Athair na hEorpa’ ar Schuman de bharr a róil chinntithigh.