Taispeántas
- Taispeántas: Dearbhú Schuman
- Comhpháirtíocht Monnet-Schuman
Bhí Jean Monnet i gceannas ar an gCoimisiún Ginearálta um Nuachóiriú agus Feistiú na Fraince. Bhí sé den tuairim gurbh fhéidir rathúnas agus slándáil tíre a bhaint amach trí dhlúthchaidreamh eacnamaíoch a spreagadh idir na Stáit Eorpacha. Theastaigh uaidh a áirithiú go ndéanfaí an Eoraip a thógáil go feidhmiúil trí lánpháirtiú dírithe ar phríomhearnálacha chun fíor-dhlúthpháirtíocht a chruthú idir na comhpháirtithe. Shamhlaigh sé freisin go mbeadh comhthiomsú na n-earnálacha guail agus cruach ina gcéad chéim i dtreo ‘Cónaidhm Eorpach’ a chruthú. Thuig sé go bhféadfadh Schuman a bheith ina phearsa pholaitiúil a dhéanfadh a thionscadal a chur chun críche.